Óstáin

Óstán a’ Ghleanna, Oileán Árainn Mhór

Is gnó teaghlaigh é Óstán a’ Ghleanna atá suite faoi scáth na gcrann lánaibí. Is féidir radharcanna iontacha ar Iarthar Dhún na nGall a fheiceáil anseo.  Téann stair an óstáin siar go dtí na 1850idí. Áit iontach chun do scíth a ligean, chun radharcanna áille an Atlantaigh a thógáil isteach agus chun scéal stairiúil an tiarna talún a raibh cónaí ann tráth, a chloisteáil.

Teagmháil: Anne Marie Boyle

T: +353 74 9520505

http://www.theglenhotel.weebly.com

Láthair Veain Champála — Oileán Árainn Mhór

Tá an Láthair Veain Champála suite i mBaile Saoire Árainn Mhór.

Áiseanna ar an láthair: bánna páirceála, rochtain ar áiseanna bloc leithris & cithfholcadáin, pointí cumhachta leictreachais, soláthar fíoruisce & diúscairt fuíolluisce.

Is gá áit a chur in áirithe roimh ré
Teagmháil: 0749520533
arranmorecampervan@gmail.com

RÁTAÍ IN AGHAIDH NA HOÍCHE: Carbháin,
Veaineanna Campála

Láthair le cumhacht: Ó €30 in aghaidh na hoíche
Gan Cumhacht: Ó €20 in aghaidh na hoíche

Téarmaí agus Coinníollacha https://arranmoreisland.ie/arranmore-holiday-village-touring-park/

Iostas Féinfhreastail

Baile Saoire Árainn Mhór, Oileán Árainn Mhór

Tá Baile Saoire Árainn Mhóir suite go háisiúil dhá chiliméadar ó ché na mbád farantóireachta.  Níl an baile saoire ach siúlóid ghearr ó thrá ‘Scoilt na Loinge’ – atá ar cheann de mhórán tránna an oileáin.

Má tá tú ag cuartú eispéireas féinfhreastail Éireannach a mbeidh seirbhísí agus áiseanna den scoth mar chuid de, beidh áthas ort a chloisteáil go bhfuil Baile Saoire Árainn Mhór á fhorchinntiú ó thaobh caighdeán de ag Fáilte Éireann. Is measúnú neamhspleách é seo den mhéid a bheifeá ag súil leis agus lóistín féinfhreastail á roghnú agat.

Teach Solais Árainn Mhór, Oileán Árainn Mhór

Tá trí sheomra leapa in achan cheann de na tithe leathscoite seo.  Anseo, tchítear radharc ar dhánacht na mbeann i dtimpeallacht shéimh shuaimhneach. Suite 5km ón ché. I measc na n-áiseanna, tá seomra suí, cistin, pantrach, seomra fóntais agus seomra cithfholctha.

Teagmháil: Fiona Boner

T: +353 74 9125635

E: fionaboner@gmail.com

Tigh Annette, Oileán Árainn Mhór

Is lóistín féinfhreastail mór agus fairsing é seo atá suite i measc breáthacht an tírdhreacha i bhFál an Ghabhann.  Áiseanna nua-aimseartha.  In aice le páirc súgartha do pháistí. Is féidir freastal ar ochtar.

Teagmháil: Annette

T: 087 2440279

E: annettearranmore@gmail.com

Brú Árainn Mhór, Oileán Árainn Mhór

Tá Brú Árainn Mhór (atá faoi bhainistíocht nua) suite cois trá; siúlóid ghearr ó ché na mbád farantóireachta. Is féidir freastal ar achan chineál grúpa suas le 35 duine.

https://www.facebook.com/arranmorehostel/

Glampáil Árainn Mhór, Oileán Árainn Mhór

Bain do dhúil as na radhracanna áille idir fharraige agus chósta, atá le feiceáil ó bhinn tí lánghloinithe na n-áitreabh glampála.
Inslithe go hiomlán. Seomra cithfholctha/leithreas en-suite. Leaba dhúbailte chompordach.
Cuisneoir, Micreathonnán, Citeal, Tóstaer.
Cuirtear línéadach leapa agus tuáillí ar fáil.
S: https://www.muldowneysbb.com/glamping-and-self-catering-cottage/

R: nmuldowneyie@yahoo.co.uk

Faighneoga Árainn Mhór, Oileán Árainn Mhór

Faighneoga fíorchompordacha iad seo. Is féidir le hachan cheann suas le triúr daoine fásta nó beirt fásta agus beirt pháistí a choinneáil.
San áireamh:
tábla agus cathaoireacha
leaba dhúbailte agus leaba thoilg
cistin, leithreas & cithfholcadán, téitheoir, teilifís/seinnteoir dvd, cuisneoir
Cuirtear línéadach leapa agus tuáillí ar fáil.

T: +44 7711 785750

https://www.facebook.com/arranmorepods/

Lóistín Féinfhreastail, Ailt an Chorráin

Árasáin an Chuain

Is lóistín féinfhreastail é seo a bhfuil WiFi agus páirceáil phríobháideach saor in aisce le fáil ann.  Tá balcóin agus/nó paitió a bhfuil radharc ar an fharraige aige, le fáil i roinnt de na hárasáin.

Sonraí teagmhála: +35386 825 9715

Cé Ailt an Chorráin

F94 AP0K

Cábán Adhmaid Inis Éan, An Clochán Liath

Pole Road
An Mhín Mhór
An Clochán Liath
Is teach saoire le háit suí amuigh é seo a bhfuil radharc ar an fharraige aige. Tá 2 sheomra leapa ann, seomra suí, teilifíseán réscáileáin, cistin le cuisneoir agus oigheann, chomh maith le seomra folctha a bhfuil cithfholcadán ann. Cuirtear tuáillí agus línéadach leapa ar fáil.

Teagmháil: 087 935 2856

https://www.facebook.com/INISEANDUNGLOE

Lóistín Leaba & Bricfeasta

Leaba is Bricfeasta Uí Mhaoldomhnaigh, Oileán Árainn Mhór

Suite ar thalamh ard, is niamhrach an radharc atá anseo ar an Atlantach, ar chósta an Iarthuaiscirt agus ar na sléibhte máguaird. Faoi shuaimhneas agus faoi shó a luíonn an lóistín seo ina bhfuil seomraí leapa fairsinge compordacha en-suite ann, le cois spásanna coiteanna le radharcanna lánléargais ar an fharraige.

Teagmháil: Noreen

T: +353 87 9081277

S: www.muldowneysbb.com

Leaba & Bricfeasta Early’s, Oileán Árainn Mhór

Is B&B nua-aimseartha é Early’s, suite ina stua os cionn an chuain, le radharcanna áille máguaird.   Is seomraí compordacha en-suite iad seo atá maisithe go cúramach.

Teagmháil: Pat & Jerry

T: +353 74 952 0988

S: earlysbedandbreakfast .blogspot.com/

Leaba is Bricfeasta Claire, Oileán Árainn Mhór

Is gnó teaghlaigh é seo atá suite in aice le cé na mbád farantóireachta. Níl sé ach cúpla bomaite siúil ón sráidbhaile. Radharcanna den scoth ar an chuan. I measc na n-áiseanna atá sna seomraí en suite, tá teilifís, WiFi agus áiseanna déanamh tae & caife.

Teagmháil: Claire

T: +353 74 9520042

GP: 086 0518696

R: clairelouisegee@yahoo.com

Leaba & Bricfeasta Hughie Mickey Dan, Oileán Árainn Mhór

Tá 8 seomra leapa nua-aimseartha en-suite ar fáil anseo a bhfuil áiseanna déanamh tae & caife le fáil iontu. Tá an rogha ann bricfeasta a ithe taobh istigh nó suí amuigh — áit a bhfuil radharc álainn taobh trá ann.
An Leadhb Gharbh

Teagmháil:
T: +353 87 119 9066

Inis Eán Radharc na Mara (Leaba is Bricfeasta), An Clochán Liath

Pole Road
An Mhín Mhór
An Clochán Liath
Tá Leaba is Bricfeasta Inis Éan suite i ngairdíní ceilte ciúine ag amharc amach ar Chuan an Chlocháin Léith. Siúlóid cúig bhomaite ó Bhaile an Chlocháin Léith. Tá páirceáil saor in aisce ar an láthair ar fáil do chuairteoirí. Cuirtear WiFi saor in aisce ar fáil i ngach seomra chomh maith le teilifíseán réscáileáin agus áiseanna déanamh tae/caife.

Teagmháil: 087 935 2856
https://www.facebook.com/INISEANDUNGLOE